Ag breathnú ar thuarascáil ghréasáin
Is féidir tuarascálacha gréasáin faoi fho-iarsmaí amhrasta (ar a dtugtar frithghníomhuithe díobhálacha in aghaidh druga freisin) a chuardach le haghaidh cógais nó substaintí gníomhacha trí úsáid a bhaint as an uirlis bhrabhsála A-Z.
Tá an leagan amach, na heilimintí sonraí agus na feidhmiúlachtaí céanna ag gach tuarascáil ghréasáin. Is ionann i gcónaí an figiúr atá ar taispeáint ar líne agus iomlán reatha na gcásanna spontáineacha tromchúiseacha/neamhthromchúiseacha a bhí tuairiscithe suas go deireadh na seachtaine roimhe. Déantar na figiúir a nuashonrú ar líne gach Luan.
Tá an fhaisnéis a sholáthraítear sna tuarascálacha gréasáin bunaithe ar chásanna ar leith a chomhlíonann na critéir sonraithe ar an leathanach gréasáin foinse sonraí.
Tá gach tuarascáil ghréasáin comhdhéanta de 7 tháb
Táb 1 - Líon cásanna ar leith |
|
Táb 2 - Líon cásanna ar leith ar glacadh leo le himeacht ama |
|
Táb 3 - Líon cásanna ar leith bunaithe ar thíortha LEE |
|
Táb 4 - Líon na gcásanna ar leith de réir grúpaí frithghníomhaithe |
|
Táb 5 - Líon na gcásanna ar leith i ndáil le grúpa frithghníomhaithe roghnaithe |
|
Táb 6 - Líon na gcásanna ar leith i ndáil le frithghníomh roghnaithe |
|
Táb 7 – Liostú Líne |
|
Tuilleadh faisnéise:
Tábhachtach
Is é iomlán reatha na gcásanna ar leith atá ar fáil i dTáb 1 an luach ar cheart a úsáid chun cainníochtú a dhéanamh ar líon iomlán na gcásanna ar leith a tuairiscíodh chuig EudraVigilance i ndáil le cógas nó substaint ghníomhach roghnaithe.
Cuirtear san áireamh san fhaisnéis atá ar fáil i dTáb 3, i dTáb 4, i dTáb 5 agus i dTáb 6 an fo-iarsma (nó fo-iarsmaí) amhrasta a tuairiscíodh i gcás ar leith; de thairbhe go bhféadfadh cás ar leith tagairt a dhéanamh do níos mó ná fo-iarsma amháin, Ní léiríonn an fhaisnéis líon iomlán na gcásanna ar leith a tuairiscíodh chuig EudraVigilance, ach ina ionad líon na bhfo-iarsmaí bainteacha.
Soláthraítear leis an bhfaisnéis atá ar fáil i dTáb 2 agus i dTáb 7 líon na gcásanna ar leith a tuairiscíodh ar feadh tamaill.