Teagmhálacha

Cé ar cheart dom dul i dteagmháil leo?

Is othar nó cúramóir mé

  • Má tá imní ar bith ort faoi chógas atá á ghlacadh agat, nó má tá aon cheist agat faoi fhaisnéis a chonaic tú ar an láithreán gréasáin seo, moltar duit labhairt le gairmí cúram sláinte.
  • Más mian leat fo-iarsma a thuairisciú, moltar duit labhairt le gairmí cúram sláinte. Níos minice ná mar a bhí an cás san am atá caite, is féidir le hothair fo-iarsmaí amhrasta a thuairisciú trí mheáin éagsúla, ar nós foirmeacha tuairiscithe othar ar líne á n-óstáil ag údaráis rialála náisiúnta cógas, agus ar an nguthán. Féach an liosta d'údaráis rialála náisiúnta cógas sa LEE le haghaidh faisnéise ar conas fo-iarsma a thuairisciú.
  • Ní féidir leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach tuarascálacha i ndáil le fo-iarsmaí amhrasta a ghlacadh ó othair nó ó chúramóirí, agus ní féidir léi comhairle liachta aonair a thabhairt ach oiread.

Is gairmí cúram sláinte mé

  • Má tá aon imní ort i ndáil le sábháilteacht chógas, moltar duit dul i dteagmháil le d'údarás rialála náisiúnta cógas. Féach an liosta d'údaráis rialála náisiúnta cógas sa LEE.
  • Ní féidir leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach tuarascálacha i ndáil le fo-iarsmaí amhrasta a bhailiú ó ghairmithe cúram sláinte, agus ní féidir léi comhairle liachta aonair a thabhairt ach oiread.

Tá fadhb theicniúil agam leis an láithreán gréasáin, nó ní féidir liom breathnú ar na tuarascálacha gréasáin 

Oibrím ag údarás rialála náisiúnta cógas nó ag cuideachta cógaisíochta agus tá ceist agam faoi rochtain a fháil ar an gcóras EudraVigilance le haghaidh cuspóirí gairmiúla

Maidir le gach ceist nó gach iarratas eile

 EMA
EudraVigilance