Ag tuiscint tuarascála gréasáin

Nuair a bhreathnaíonn tú ar thuarascáil ghréasáin d'fho-iarsmaí amhrasta (ar a dtugtar frithghníomhartha díobhálacha amhrasta in aghaidh druga freisin) i ndáil le cógas nó substaint ghníomhach, tá sé tábhachtach tuiscint a bheith agat ar conas mar a oireann an tuarascáil ghréasáin i bpróifíl sábháilteachta iomlán an chógais.

Seo a leanas liosta de phointí tábhachtacha le breithniú nuair a táthar ag breathnú ar thuarascáil ghréasáin:

  • Le go ndéanfaí cógas a údarú le haghaidh úsáide, ba cheart go mbeadh na tairbhí dá chuid níos mó i bhfad ná aon rioscaí gaolmhara d'fho-iarsmaí. Tráth údaraithe cógais, tá measúnú déanta ar an gcothromaíocht tairbhe-riosca agus é dearbhaithe go bhfuil na tairbhí níos mó ná na rioscaí. Baineann an fhaisnéis uile ar fáil ar an láithreán gréasáin seo le cógais atáthar tar éis a mheasúnú sa chaoi seo agus iad údaraíodh le haghaidh úsáide sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (EEA).
  • Baineann an fhaisnéis ar an láithreán gréasáin seo le fo-iarsmaí amhrasta, i bhfocail eile, fo-iarsmaí ar braitheadh tar éis cógas a riar nó a úsáid chun críocha cóireála. Mar sin féin, d'fhéadfadh nach é an cógas is cúis/atá bainteach leis na fo-iarsmaí amhrasta sin.
  • Is féidir le gach cógas a bheith mar chúis le fo-iarsmaí, agus tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go nglacann formhór daoine cógais gan aon fo-iarsmaí ag déanamh tinnis dóibh.
  • Sula ndéantar cógas a mhargú, bunaítear an fhaisnéis i ndáil lena shábháilteacht agus éifeachtúlacht ar úsáid an chógais i dtrialacha cliniciúla. Mar sin féin, d'fhéadfadh nach mbeadh trialacha cliniciúla in ann gach fo-iarsma a bhrath go fóill, mar go mbíonn líon teoranta othar i gceist leo. Chomh maith céanna, d'fhéadfadh go nglacfadh sé tamall fada ar fho-iarsmaí áirithe teacht chun cinn, tar éis críochnú na trialach cliniciúil. Go minic (ach ní i gcónaí), bíonn na daoine a ghlacann páirt i dtrialacha cliniciúla sláintiúil nó ní bhíonn galair eile orthu nó ní bhíonn cógais eile á dtógáil acu de ghnáth. Ní amhlaidh an cás sin nuair a úsáidtear cógas 'sa bhfíorshaol'. Tá monatóireacht leanúnach tar éis na trialach cliniciúil ríthábhachtach, dá bhrí sin, d'fhonn próifíl chuimsitheach sábháilteachta agus éifeachtachta a choinneáil. Déantar monatóireacht leanúnach ar gach cógas a údaraítear le haghaidh úsáide san LEE.
  • Is féidir cás a thuairisciú ar bhonn amhrais go mbaineann fo-iarsma leis an gcógas. Ní amhlaidh go gciallaíonn sé gur bunaíodh aon nasc idir an cógas agus an fo-iarsma; d'fhéadfadh gur de dheasca tosca eile a d'eascair an fo-iarsma, mar shampla an galar go bhfuil an cógas á ghlacadh ina leith nó idirghníomhaíocht idir dhá chógas nó níos mó á nglacadh ag an othar.
  • Ba cheart féachaint ar aon chás-tuarascáil i gcomhthéacs na sonraí uile atá ar fáil i ndáil leis an gcógas. Seachas na tuarascálacha spontáineacha a eascraíonn ó úsáid an chógais ar fud an domhain, d'fhéadfadh tuarascálacha a bheith ann ó thrialacha cliniciúla, staidéir eile agus litríocht eolaíoch. Ní cheadaítear ach measúnú ar na sonraí uile atá ar fáil conclúidí láidre a leagan amach ar thairbhí agus ar rioscaí chógais.
  • I gcás na faisnéise ar an láithreán gréasáin seo ní féidir í a úsáid chun cinneadh a dhéanamh i leith na dóchúlachta go mbraithfear fo-iarsma. Caithfear breithniú ar fhaisnéis eile, ar nós an líon daoine a ghlacann an cógas agus an tréimhse atá caite ag an gcógas úd ar an margadh.
  • Níl san fhaisnéis ach cuid den bhfaisnéis arna úsáid ag an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach agus údaráis náisiúnta rialála cógas chun monatóireacht a dhéanamh ar thairbhí agus rioscaí cógais a luaithe agus a údaraítear é. I measc na gcineálacha eile faisnéise tá staidéir shábháilteachta iar-údaraithe, sonraí ó thrialacha cliniciúla agus sonraí tocsaineolaíochta nua.
  • Le faisnéis níos cuimsithí a fháil faoi na rioscaí nó fo-iarsmaí féideartha ag cógas, déan tagairt i gcónaí don achoimre ar shainghnéithe an táirge agus bileog eolais an othair (a ghabhann leis an gcógas). Is féidir le gairmithe cúram sláinte amhail dochtúirí nó poitigéirí an fhaisnéis seo a sholáthar freisin.

Ba cheart aon chúiseanna imní i ndáil le cógas a phlé i gcónaí le gairmí cúram sláinte. Ní féidir leis an nGníomhaireacht comhairle a thabhairt d'othair i ndáil lena gcóireáil ná a riochtaí.

 EMA
EudraVigilance