Ag breathnú ar thuarascáil ghréasáin

Is féidir tuarascálacha gréasáin faoi fho-iarsmaí amhrasta (ar a dtugtar frithghníomhuithe díobhálacha in aghaidh druga freisin) a chuardach le haghaidh cógais nó substaintí gníomhacha trí úsáid a bhaint as an uirlis bhrabhsála A-Z.

Tá an leagan amach, na heilimintí sonraí agus na feidhmiúlachtaí céanna ag gach tuarascáil ghréasáin. Is ionann i gcónaí an figiúr atá ar taispeáint ar líne agus iomlán reatha na gcásanna spontáineacha tromchúiseacha/neamhthromchúiseacha a bhí tuairiscithe suas go deireadh na seachtaine roimhe. Déantar na figiúir a nuashonrú ar líne gach Luan.
Tá an fhaisnéis a sholáthraítear sna tuarascálacha gréasáin bunaithe ar chásanna ar leith a chomhlíonann na critéir sonraithe ar an leathanach gréasáin foinse sonraí.

Tá gach tuarascáil ghréasáin comhdhéanta de 7 tháb

Táb 1 - Líon cásanna ar leith

  • Soláthraítear sa táb seo iomlán reatha na gcásanna ar leith a aithníodh in EudraVigilance suas go dtí deireadh na seachtaine roimhe. Léiríonn sé faisnéis ar líon na gcásanna ar leith de réir aoisghrúpa, inscne agus bunús geografach.

Táb 2 - Líon cásanna ar leith ar glacadh leo le himeacht ama

  • Léirítear sa táb seo líon na gcásanna ar leith a fuarthas sna sna 12 mhí seo caite de réir bunús geografach.
  • Taispeántar treolíne freisin chun iomlán na gcásanna ar leith a léiriú.

Táb 3 - Líon cásanna ar leith bunaithe ar thíortha LEE

  • Taispeántar sa táb seo líon na gcásanna ar leith de réir tíortha LEE.
  • Léirítear sa léarscáil dáileadh coibhneasta minicíochta de líon iomlán na gcásanna ar leith i ngach tír.
  • Taispeántar sa ghraf líon iomlán na gcásanna ar leith i ngach tír.

Táb 4 - Líon na gcásanna ar leith de réir grúpaí frithghníomhaithe

  • Léirítear sa táb seo líon na gcásanna ar leith de réir grúpaí frithghníomhaithe.
  • Tá na grúpaí frithghníomhaithe bunaithe ar aicmiú den fho-iarsma (ar a dtugtar frithghníomh díobhálach in aghaidh druga freisin), ag baint úsáide as foclóir téarmaí MedDRA.
  • Tá cúig amharc ar fáil a léiríonn líon na gcásanna ar leith de réir grúpaí frithghníomhaithe: de réir aoisghrúpa, inscne, tromchúiseachta, grúpa tuairisceora agus bunús geografach.

Táb 5 - Líon na gcásanna ar leith i ndáil le grúpa frithghníomhaithe roghnaithe

  • Taispeántar sa táb seo líon na gcásanna ar leith i ndáil le grúpa frithghníomhaithe roghnaithe.
  • Tá na grúpaí frithghníomhaithe bunaithe ar aicmiú den fho-iarsma (ar a dtugtar frithghníomh díobhálach in aghaidh druga freisin), ag baint úsáide as foclóir téarmaí MedDRA.
  • Tá trí thuarascáil ar fáil i ndáil le grúpa frithghníomhaithe roghnaithe: léirítear sa chéad tuarascáil sonraí de réir aoisghrúpa agus inscne, an dara ceann de réir grúpa tuairisceora agus an tríú ceann de réir bunús geografach.

Táb 6 - Líon na gcásanna ar leith i ndáil le frithghníomh roghnaithe

  • Léirítear sa táb seo líon na gcásanna ar leith i ndáil le frithghníomh roghnaithe, de réir mar a shainíonn an t-úsáideoir.
  • Comhfhreagraíonn an frithghníomh don fhrithghníomh amhrasta tuairiscithe ag an tuairisceoir; dá réir sin, soláthraítear leis an táb seo an leibhéal faisnéise is mionsonraithe.
  • Tá an frithghníomh bunaithe ar fhoclóir téarmaí MedDRA d'fho-iarsmaí (ar a dtugtar frithghníomhuithe díobhálacha in aghaidh druga freisin).
  • Tá trí thuarascáil ar fáil ar fhrithghníomh roghnaithe: léirítear sa chéad tuarascáil na sonraí de réir aoisghrúpa agus inscne, an dara ceann de réirgrúpa tuairisceora agus an tríú ceann de réir toraidh.

Táb 7 – Liostú Líne

  • Léirítear sa táb seo liostú líne na gcásanna ar leith, an foirm ICSR san áireamh, bunaithe ar an roghnú de choinníollacha scagtha.


Tuilleadh faisnéise:

Tábhachtach

Is é iomlán reatha na gcásanna ar leith atá ar fáil i dTáb 1 an luach ar cheart a úsáid chun cainníochtú a dhéanamh ar líon iomlán na gcásanna ar leith a tuairiscíodh chuig EudraVigilance i ndáil le cógas nó substaint ghníomhach roghnaithe.

Cuirtear san áireamh san fhaisnéis atá ar fáil i dTáb 3, i dTáb 4, i dTáb 5 agus i dTáb 6 an fo-iarsma (nó fo-iarsmaí) amhrasta a tuairiscíodh i gcás ar leith; de thairbhe go bhféadfadh cás ar leith tagairt a dhéanamh do níos mó ná fo-iarsma amháin, Ní léiríonn an fhaisnéis líon iomlán na gcásanna ar leith a tuairiscíodh chuig EudraVigilance, ach ina ionad líon na bhfo-iarsmaí bainteacha.

Soláthraítear leis an bhfaisnéis atá ar fáil i dTáb 2 agus i dTáb 7 líon na gcásanna ar leith a tuairiscíodh ar feadh tamaill.

 EMA
EudraVigilance