Séanadh
Gach uair a chuardaíonn tú le haghaidh tuarascála gréasáin, taispeánfar séanadh duit.
Sula mbeidh tú in ann amharc ar thuarascálacha aonair, ní mór duit a dhearbhú gur léigh tú agus go
dtuigeann tú an séanadh.
Tá an fhaisnéis seo a leanas cuimsithe sa séanadh:
- Ní léiríonn an fhaisnéis atá ar an láithreán gréasáin seo aon nasc féideartha idir an cógas agus an t-iarsma (na hiarsmaí) a tugadh faoi deara.
- Baineann an fhaisnéis ar an láithreán gréasáin seo le comhcheangail amhrasta a léiríonn barúlacha agus tuairimí an tuairisceora. Tá measúnú eolaíoch ar ghaolmhaireacht cúis-agus-éifeacht idir chógas agus iarsma mar chuid den mhonatóireacht leanúnach ar bhuntáistí agus rioscaí a ghabhann le cógas; áirítear sa mheasúnú go leor tosca eile, amhail an riocht míochaine agus stair mhíochaine an othair.
- D'fhéadfadh fo-iarsmaí aitheanta atá liostaithe cheana san achoimre ar shainghnéithe táirgí (SmPC) agus i mbileog an phacáiste a bheith mar chuid den fhaisnéis.
- Níor cheart go nglacfaí le líon na bhfo-iarsmaí amhrasta in EudraVigilance mar bhonn chun cinneadh a dhéanamh i ndáil leis an dóchúlacht go dtarlófar fo-iarsma. An chúis leis sin ná go gcaithfear an líon sin a chur i gcomhthéacs le tosca eile, amhail líon na ndaoine a ghlacann an cógas agus an tréimhse ama atá an cógas ar an margadh.
- Tagraíonn gach cás ar leith in EudraVigilance go ginearálta d'othar aonair; mar sin féin, d'fhéadfadh gur tuairiscíodh níos mó ná fo-iarsma amháin i dtuarascáil. Dá bhrí sin, ní bheidh líon na bhfo-iarsmaí comhionann i gcónaí le líon na gcásanna ar leith.
- Ní ionann na tuarascálacha ar fho-iarsmaí in EudraVigilance agus an fhaisnéis ar fad atá ar fáil i ndáil le buntáistí agus rioscaí cógais agus níor cheart iad a úsáid go leithleach chun cinntí a dhéanamh faoi réim chóireála othair; ba cheart foinsí eile faisnéise a úsáid ar dtús, lena n-áirítear faisnéis tháirge/oidis.
- Níor cheart do thomhaltóirí nó othair cógas ordaithe a stopadh nó a athrú gan dul i gcomhairle roimh ré le gairmí cúram sláinte.