Cógais san AE

Údaraítear cógais san Aontas Eorpach trí mheán ceann de dhá nós imeachta, mar atá sonraithe thíos. Ní féidir ach cógais a bhfuil údarú margaíochta bronnta ina leith a mhargú sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE).

1. Nós imeachta údaraithe láraithe

Mar thoradh ar an nós imeachta seo bíonn údarú margaíochta aonair atá bailí i ngach tír de chuid an Aontais Eorpaigh, mar aon leis an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua.

Tá an nós imeachta láraithe éigeantach d'iarratais nua ar údarú margaíochta i ndáil le:

  • cógais daonna um chóireáil VEID/SEIF, ailse, diaibéiteas, galair néarmheathlúcháin, neamhoird uath-imdhíonachta agus imdhíonachta eile, agus galair víreasacha;
  • cógais a thagann ó phróisis bhiteicneolaíochta, ar nós innealtóireacht ghéiniteach;
  • cógais ardteiripe, ar nós géinteiripe, teiripe cille sómaí nó cógais fíochán-mhodhnaithe;
  • 'cógais dílleachta' (cógais a úsáidtear do thearcghalair daonna) atá sainithe go hoifigiúil.

I ndáil le cógais nach gcuimsítear sna catagóirí sin, tá an rogha ag cuideachtaí iarratas ar údarú margaíochta láraithe a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta, más ionann an cógas ábhartha agus nuálaíocht shuntasach teiripeach, eolaíoch nó teicniúil, nó más chun leasa na sláinte poiblí a bheadh údarú dá chuid trí an nós imeachta láraithe.

Cuirtear iarratais trí an nós imeachta láraithe go díreach faoi bhráid na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí. Tógann meastóireacht de chuid choistí eolaíocha na Gníomhaireachta suas le 210 lá, agus ag deireadh na tréimhse sin glacann an coiste ábhartha le rún i leith cibé ar cheart nó nár cheart an cógas a mhargú.

Ina dhiaidh sin cuirtear an tuairim seo faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh, a bhfuil an t-údarás deiridh aige i ndáil le húdaruithe margaíochta a dheonadh san Aontas Eorpach.

A luaithe agus a bhronntar údarú margaíochta, is féidir leis an sealbhóir údaraithe margaíochta tosú ar an gcógas a mhargú san LEE.

Cuardaigh le haghaidh cógas údaraithe tríd an nós imeachta údaraithe láraithe.

2. Nósanna imeachta údaraithe náisiúnta

Tá a nósanna imeachta féin ag gach Ballstát AE i ndáil le húdarú na gcógas ina gcríocha féin a thiteann lasmuigh de raon feidhme an nóis imeachta láraithe. Is gnáth gur féidir faisnéis faoi na nósanna imeachta náisiúnta seo a fháil ar láithreán gréasáin an údaráis náisiúnta cógas sa tír ábhartha.

Tá dhá bhealach féideartha ann freisin do chuideachtaí i ndáil le húdarú na gcógas seo i roinnt tíortha go comhuaineach:

  • an nós imeachta díláraithe, inar féidir le cuideachtaí iarratas a dhéanamh ar údarú comhuaineach i níos mó ná tír amháin de chuid an AE i ndáil le cógas nach bhfuil údaraithe fós in aon tír de chuid an AE agus nach dtiteann laistigh de raon feidhme an nóis imeachta láraithe;
  • an nós imeachta aitheantais fhrithpháirtigh, inar féidir le cuideachtaí a bhfuil cógas údaraithe acu go náisiúnta i mBallstát amháin de chuid an AE iarratas a dhéanamh an t-aitheantas céanna a thabhairt don údarú i dtíortha eile an AE. Tá tuilleadh fáisnéise ar fáil tríd an Grúpa Comhordúcháin um Nósanna Imeachta Aitheantais Fhrithpháirtigh agus Díláraithe – Daonna.

I gcásanna áirithe, is féidir díospóidí a eascraíonn as na nósanna imeachta seo a tharchur chuig an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach le haghaidh eadránaithe mar chuid de nós imeachta tarchuir.

 EMA
EudraVigilance