Ag breathnú ar thuarascáil ghréasáin

Is féidir tuarascálacha gréasáin faoi fho-iarsmaí amhrasta (ar a dtugtar frithghníomhuithe díobhálacha in aghaidh druga freisin) a chuardach le haghaidh cógais nó substaintí gníomhacha trí úsáid a bhaint as anuirlis bhrabhsála A-Z.

Tá an leagan amach, na heilimintí sonraí agus na feidhmiúlachtaí céanna ag gach tuarascáil ghréasáin. Is ionann i gcónaí an figiúr atá ar taispeáint ar líne agus iomlán reatha na gcásanna spontáineacha tromchúiseacha/neamhthromchúiseacha a bhí tuairiscithe suas go deireadh na seachtaine roimhe. Déantar na figiúir a nuashonrú ar líne gach Luan.
Tá an fhaisnéis a sholáthraítear sna tuarascálacha gréasáin bunaithe ar chásanna ar leith a chomhlíonann na critéir sonraithe ar an leathanach gréasáin foinse sonraí.

Tá gach tuarascáil ghréasáin comhdhéanta de 7 tháb

An líon cásanna lena mbaineann frithghníomh ar leith

  • Léirítear sa tuarascáil seo faisnéis faoi líon na dtuarascálacha maidir le teagmhais dhíobhálacha i dtaca leis an táirge ábhartha nó leis an tsubstaint ghníomhach ábhartha, agus í aicmithe de réir frithghnímh.

Líon na gcásanna agus na n‑ainmhithe de réir thír LEE

  • Léirítear sa tuarascáil seo faisnéis faoi líon na dtuarascálacha ar theagmhais dhíobhálacha agus líon na n‑ainmhithe lena mbaineann i dtaca leis an táirge ábhartha nó leis an tsubstaint ghníomhach ábhartha, agus í aicmithe de réir tíre.

Líon na gcásanna de réir grúpa frithghnímh

  • Léirítear sa tuarascáil seo faisnéis faoi líon na dtuarascálacha ar theagmhais dhíobhálacha i dtaca leis an táirge ábhartha nó leis an tsubstaint ghníomhach ábhartha, agus léirítear inti an fhaisnéis atá aicmithe de réir grúpaí frithghnímh ar an leibhéal ‘córas‑aicme‑orgán’ ó liosta VeDDRA de théarmaí cliniciúla, agus de réir speicis fosta.
  • Is catagóirí caighdeánaithe ardleibhéil de theagmhais dhíobhálacha iad grúpaí frithghnímh ar an leibhéal ‘córas‑aicme‑orgán’ (SOC) san Fhoclóir Tréidliachta um Ghníomhaíochtaí Rialaithe Drugaí (VeDDRA).

Líon na gcásanna de réir póir

  • Léirítear sa tuarascáil seo faisnéis faoi líon na dtuarascálacha ar theagmhais dhíobhálacha agus faoi ainmhithe lena mbaineann i dtaca leis an táirge ábhartha nó leis an tsubstaint ghníomhach ábhartha, agus í aicmithe de réir póir.

Líon na gcásanna de réir speicis

  • Léirítear sa tuarascáil seo faisnéis faoi líon na dtuarascálacha ar theagmhais dhíobhálacha agus faoi ainmhithe lena mbaineann i dtaca leis an táirge nó leis an tsubstaint ábhartha, agus í aicmithe de réir speicis.

Líon na gcásanna de réir tír ar leith

  • Léirítear sa tuarascáil seo faisnéis faoi líon na dtuarascálacha maidir le teagmhais dhíobhálacha i dtaca leis an táirge ábhartha nó leis an tsubstaint ghníomhach ábhartha, agus í aicmithe de réir tíre agus speicis.

Líon na gcásanna le himeacht ama de réir tionscnamh geografach

  • Léirítear sa tuarascáil seo faisnéis a fuarthas le 12 mhí anuas faoi líon agus uainiú na dtuarascálacha ar theagmhais dhíobhálacha, ar tuarascálacha iad a bhaineann leis an táirge ábhartha nó leis an tsubstaint ghníomhach ábhartha, agus í aicmithe de réir speicis.

Liostú líne

  • Léirítear sa tuarascáil seo liosta mionsonraithe de thuarascálacha aonair maidir le teagmhais dhíobhálacha i dtaca le táirge nó substaint ar leith.

Minicíocht de réir grúpa frithghnímh

  • Léirítear sa tuarascáil seo an mhinicíocht tuairiscithe a thaispeántar ar an leibhéal ‘córas‑aicme‑orgán’ ó liosta VeDDRA de théarmaí cliniciúla.
  • Is catagóirí caighdeánaithe ardleibhéil de theagmhais dhíobhálacha iad grúpaí frithghnímh ar an leibhéal ‘córas‑aicme‑orgán’ (SOC) san Fhoclóir Tréidliachta um Ghníomhaíochtaí Rialaithe Drugaí (VeDDRA).


Tuilleadh faisnéise:

Tábhachtach

Is é iomlán reatha na gcásanna ar leith atá ar fáil i dTáb 1 an luach ar cheart a úsáid chun cainníochtú a dhéanamh ar líon iomlán na gcásanna ar leith a tuairiscíodh chuig EudraVigilance i ndáil le cógas nó substaint ghníomhach roghnaithe.

Cuirtear san áireamh san fhaisnéis atá ar fáil i dTáb 3, i dTáb 4, i dTáb 5 agus i dTáb 6 an fo-iarsma (na fo-iarsmaí( amhrasta a tuairiscíodh i gcás ar leith; de thairbhe go bhféadfadh cás ar leith tagairt a dhéanamh do níos mó ná fo-iarsma amháin, Ní léiríonn an fhaisnéis líon iomlán na gcásanna ar leith a tuairiscíodh chuig EudraVigilance, ach ina ionad líon na bhfo-iarsmaí bainteacha.

Soláthraítear leis an bhfaisnéis atá ar fáil i dTáb 2 agus i dTáb 7 líon na gcásanna ar leith a tuairiscíodh ar feadh tamaill.

 EMA
EudraVigilance