Cóipcheart

Tá ábhair an láithreáin ghréasáin seo , ar a dtugtar 'bunachar sonraí Eorpach na dtuarascálacha um fhrithghníomh díobhálach amhrasta in aghaidh druga' , faoi réir cóipchirt © EMA [1995-2018].

Go sonrach , mura sonraítear a mhalairt , is í an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach , de réir reachtaíochta reatha an Aontais Eorpaigh agus idirnáisiúnta , úinéir an chóipchirt agus na gceart bunachair sonraí de chuid an láithreáin ghréasáin seo agus a chuid ábhar .

Tá an fhaisnéis agus na doiciméid a chuirtear ar fáil ar na leathanaigh gréasáin seo ar fáil go poiblí agus féadfar iad a atáirgeadh agus / nó a dháileadh , go hiomlán nó i bpáirt , beag beann ar an modh agus / nó ar na formáidí a úsáidtear , chun críocha neamhthráchtála agus tráchtála , ar an gcoinníoll go dtugtar aitheantas don Ghníomhaireacht i gcónaí mar fhoinse an ábhair . Ní mór aitheantas dá leithéid a chuimsiú i ngach cóip den ábhar .

Is féidir luanna a dhéanamh ó ábhar dá leithéid gan cead a fháil roimh ré , ar an gcoinníoll go dtugtar aitheantas i gcónaí don fhoinse .

 EMA
EudraVigilance